Roinnt an 5ú Rang

Is é atá cuimsithe leis an aonad oibre seo ocht gceacht a úsáideadh, i gcúigiú rang, chun ábhar na roinnte digití iolracha a theagasc. Tá gach ceacht dírithe ar phríomhfhadhb ar a n-oibríonn na páistí ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí. Maidir le gach fadhb tá dara sleamhnán ann dar teideal ‘cad a tharlóidh má athraítear na huimhreacha?’ Leis na samplaí breise sin spreagtar na páistí chun a smaointeoireacht a leathnú sa chomhthéacs fadhbréitigh céanna. Táthar ag súil go n-oibreodh gach páiste ar an bhfadhb thosaigh, go rachadh an chuid is mó díobh ar aghaidh chuig fadhb bhreisithe amháin ar a laghad agus nach ndéanfadh ach roinnt acu na fadhbanna breisithe uile a chríochnú.

Le linn an aonaid oibre sin cuireadh béim ar na páistí ag forbairt a straitéisí féin chun fadhbanna maidir le roinnt digití iolracha a réiteach. Tá samplaí de na straitéisí a d’fhorbair na páistí léirithe thíos.

Leathbhealach trí gach ceacht bhí plé an ranga iomláin ar siúl. Spreagadh páistí chun a gcuid straitéisí a mhíniú agus thaifead an múinteoir a gcuid straitéisí ar an gclár bán. In aice le hobair gach páiste thaifead an múinteoir ainm an pháiste e.g. ‘Bealach Mary.’ Ansin spreagadh na páistí chun modhanna a chéile a úsáid de réir mar a chuaigh siad ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí breisithe. Chuir an múinteoir an cheist ar na páistí go rialta, ‘an féidir leat an fhadhb a réiteach ar bhealach eile?’

Bhí trí chéim phríomhúla i gceist leis an aonad oibre seo.

Bhí Céim 1 dírithe ar roinnt digite aonair e.g. 762 ➗ 6. Bhí béim amháin curtha ar mheasúnú foirmitheach agus ar thuiscint reatha na bpáistí ar roinnt a shainaithint. Bhí sí dírithe freisin ar na páistí a spreagadh chun ciall a bhaint as fuílligh.

Bhí Céim 2 dírithe ar na páistí a spreagadh chun a gcuid straitéisí féin a fhorbairt le haghaidh fadhbanna maidir le roinnt digití iolracha a réiteach. Le linn na gceachtanna sin níor thaispeáin an múinteoir algartam traidisiúnta na roinnte fada do na páistí.

Le linn Chéim 3 tugadh algartam na roinnte fada isteach. Spreagadh na páistí chun é a úsáid agus chun ciall a bhaint as ach cuireadh ar a suaimhneas iad gurbh fhéidir leo an rogha a ghlacadh chun na straitéisí a bhí ceaptha acu a úsáid.

Sa cheacht seo spreagtar na páistí chun dul siar ar ‘roinnt ghearr’ ar bhain siad úsáid as i rang a ceathair.

Leis an bhfadhb sin cuirtear deiseanna measúnaithe fhoirmithigh ar fáil don mhúinteoir.

Is féidir leis an múinteoir iniúchadh a dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tuiscint ag na páistí ar choincheap na roinnte nó cé acu an bhfuil nó nach bhfuil algartam á fheidhmiú acu ón gcuimhne.

Trí mhodhanna malartacha a chur ar fáil do na páistí chun fadhbanna maidir le roinnt digite aonair a réiteach táimid dá spreagadh a gcineálacha chur chuige a bhreithniú agus údar a thabhairt ina leith.

Leis an bhfadhb seo, arna leasú ó nrich, cuirtear comhthéacs ar fáil le haghaidh ‘roinnt ghearr’ a chleachtadh.

Spreagtar páistí chun patrúin a thabhairt faoi deara agus chun rialacha a chruthú.

Spreagtar na páistí léi smaoineamh ar chiall an fhocail ‘fuílleach’, chun a bhreithniú áit a dtiocfaidh fuílligh aníos agus patrúin a thabhairt faoi deara ina bhfuil fuílligh i gceist.

Is é patrún amháin a thug páistí faoi deara agus iad ag obair ar an bhfadhb seo ná “nach féidir an fuílleach a bheith níos mó ná an uimhir faoina bhfuil tú ag roinnt.” Bhí an riail sin ina cuidiú nuair a thosaíomar ar roinnt faoi uimhreacha níos mó.

Leis an bhfadhb seo, arna leasú ó nrich, forbraítear na smaointe ar a ndearnadh iniúchadh sa cheacht roimhe seo. Dírítear í arís ar thuiscint ar fhuílligh.

Leis an bhfadhb spreagtar páistí chun tábhacht an fhuílligh a shainaithint maidir le fadhbanna a réiteach.

Cuirtear an bhéim ar an bhfuílleach a shocrú, agus ar chiall a bhaint as, seachas algartam a fheidhmiú. Is féidir sin a fheiceáil i samplaí d’obair na bpáistí.

Sa cheacht seo cuirtear an fhadhb faoi bhráid na bpáistí agus spreagtar iad chun a gcuid modhanna féin a fhorbairt chun í a réiteach.

Ag an bpointe seo níl taithí ag na páistí ar algartam na roinnte fada. Cothaítear a gcuid cruthaitheachta leis sin.

Maidir leis na modhanna a phléann an rang ba cheart go dtiocfadh siad ó na páistí agus ní ó na múinteoirí.

Mar gheall ar na huimhreacha ar a dtagann na páistí san fhadhb seo déantar modhanna réitigh praiticiúla d’úsáid an tsuimithe leantaigh agus an dealaithe leantaigh.

De réir mar a thiocfaidh na páistí ar uimhreacha éagsúla sa chuid ‘Cad a tharlóidh má athraítear na huimhreacha?’, beidh orthu a gcuid straitéisí réitigh a oiriúnú d’fhonn a straitéisí a dhéanamh níos éifeachtúla. e.g. in ionad 17 a dhealú arís agus arís eile is féidir leo 5 iolraí de 17 a dhealú (85).

Tá an fhadhb seo cosúil le ‘Fadhb na Sú Talún’ ach ós rud é go n-athraítear na huimhreacha beidh ar na páistí a gcuid straitéisí a oiriúnú nó cinn éagsúla a ghlacadh.

Le linn ‘Fhadhb na Sú Talún’, seans go raibh na páistí in ann na modhanna éagsúla dá gcuid maidir le fadhbanna roinnte a réiteach a chomhroinnt leis an rang. Ba cheart na páistí a spreagadh chun modhanna a chéile a úsáid agus chun a shocrú nuair a bhíonn modh amháin níos úsáidí ná modh eile. Tá dhá shampla eile léirithe i sampla obair na bpáistí anseo.

Spreag na páistí chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid oibre agus chun an modh is ansa leo a roghnú maidir le fadhbanna roinnte a réiteach. Ag deireadh an cheachta seo ba cheart go mbeadh an chuid is mó de na páistí ag éirí muiníneach maidir lena modh(anna) ceaptha féin a úsáid.

Is ionann an ceacht seo agus aistriú san aonad oibre ó mhodhanna ceaptha go halgartaim fhoirmiúla.

Tosaíonn an rang agus na páistí ag baint úsáid as modhanna ceaptha chun an fhadhb a réiteach. Is uimhreacha measartha ‘so-úsáidte’ na huimhreacha i dtaca leis na huimhreacha a úsáideadh sa cheacht roimhe seo.

Tar éis plé ranga iomláin, ina ndéantar modhanna na bpáistí a phlé arís, tugtar réamheolas do na páistí faoi Mhodh Mandeep i.e. algartam foirmiúil na roinnte fada.

Iarrtar ar na páistí modh Mandeep a phlé agus chun iarracht a dhéanamh an dóigh a n-oibríonn sé a dhéanamh amach. Iarrtar orthu ansin modh Mandeep a chur i bhfeidhm maidir le huimhreacha nua.

Ba cheart na páistí a spreagadh a gcuid oibre a sheiceáil trína gcuid modhanna ceaptha féin a úsáid chun gach fadhb a réiteach.

Sa cheacht seo téann na páistí siar ar algartam na roinnte fada. Spreagtar na páistí chun an t-algartam roinnte fada a úsáid nó a gcuid straitéisí ceaptha féin a úsáid chun fadhbanna maidir le roinnt digití iolracha a réiteach.

B’fhéidir nach mbeadh páistí áirithe réidh chun algartam na roinnte fada a úsáid. Is é an sprioc go mbeidh gach páiste in ann fadhb maidir le roinnt digití iolracha a réiteach ar dhóigh is ansa leis/léi..

San fhadhb dheireanach, arna leasú ó nrich, cuirtear comhthéacsanna ón bhfíorshaol ar fáil do na páistí ionas gur féidir leo roinnt digití iolracha a chleachtadh. Is breisiú é ar fhadhb a trí agus spreagtar páistí léi ciall a bhaint as fuílligh.

Spreagtar páistí leis an bhfadhb naisc a dhéanamh idir réitigh uimhriúla agus cásanna san fhíorshaol.