Fianáin a roinnt

Arna Fhorbairt ag Edward Fitzgerald

RANG

A Dó

SNÁITHE

Uimhir

LIPÉAD TORAIDH FOGHLAMA

Oibríocht, Codáin

Spriocanna na Gníomhaíochta Seo

Déanfaidh na páistí:

  • Plé, samhail agus breacadh síos a dhéanamh ar cé mhéid brioscaí a gheobhaidh gach páiste má roinntear iad ar bhealaí éagsúla. (Cumarsáid agus Réiteach Fadhbanna)
  • Comparáid idir an méid brioscaí a gheobhaidh gach páiste i ndáil le líon na ndaoine atá ag an mbord. Aithneoidh siad go dtiocfaidh laghdú ar roinn na mbrioscaí de réir mar a ardaíonn líon na daoine. (Tuiscint agus Nascadh, Réasúnú)
  • San iolrú cuirtear grúpaí atá ar chóimhéid mar aon le líon na ngrúpaí sin san áireamh. Is féidir abairtí ina ndéantar suimiú leantach a scríobh mar abairtí iolraithe. e.g., 3 + 3+ 3+ 3 = 12 nó 4 x 3 = 12.
  • Tá dhá cineál fadhbanna roinnte , comhroinnte (rannaíoch) agus tomhais (cuótasíoch). Sa roinn comhroinnte, is eol do dhuine líon na gcomhranna ach is é méid na gcomhranna is eol do dhuine sa roinn tomhais. Comhroinn atá i gceist anseo (toisc gurb eol líon na ndaoine/na gcomhranna)
  • Agus iad óg, tuigtear don pháiste gur dealú leantach atá sa roinnt. Mar sin, baineann siad leas as straitéisí comhroinnte, comhaireamh agus suimiú/dealú leantach chun líon na gcomhranna nó líon na dtomhas a thuar.
  • Is féidir rud iomlán a roinnt i gcodanna atá ar chóimhéid. Tugtar codáin ar na codanna seo. Dá méid is atá na píosaí a roinntear as an iomlán is ea is lú a bheidh gach píosa.

Eolas Breise ar Smaointí Tábhachtacha Matamaiticiúla

Snáithe

Uimhir

Lipéad an Toraidh Foghlama: Codáin

Is éard atá sa tábla ná forléargas ar ábhar ábhartha ón gcontanam forbartha atá sa dréachtchuraclam. Tá an t-ábhar a bhfuil an baint is mó aige leis an gceacht seo i gcló trom.

Leibhéal C Leibhéal D Leibhéal E
Tuiscint agus Nascadh Baineann an páiste leas as ábhar chun fiosrúchán a dhéanamh ar conas is féidir rud nó tacar iomlán a thógáil as, nó a bhriseadh síos ina, fho-thacair, go minic ar mhórán bealaí.

 

Roinneann an páiste rudaí agus cruthanna in dhá cuid atá ar choimhéad agus déanann sé cur síos ar an rud iomlán agus ar na codanna, bunaithe ar líon na gcomhranna/gcodanna.

 

Déanann an páiste comparáid idir tacair de rudaí.

Déanann an páiste fiosrúchán ar an gcaoi a gcumtar rud iomlán trí thacair aonair nó tacair scoite a bhriseadh i gcodanna atá ar chóimhéid.

 

Tuigeann agus aithníonn an páiste leath tacair ón uimhir a deich agus ar aghaidh.

Déanann an páiste an rud is ionannas codán a fhiosrú.

 

Roinneann an páiste rudaí agus déanann siad cur síos orthu mar chodáin aonaid.

 

 

Tuigeann agus aithníonn an páiste ceathrúna de thacair.

 

 

Cumarsáid Déanann an páiste plé ar thacair agus rudaí iomlána a chur le chéile agus a roinnt agus baineann siad leas as teanga chuí chun cur síos a dhéanamh ar an réiteach agus fáth a thabhairt dó.

 

Scríobhann an páiste abairtí uimhreacha chun an gaol idir an tacair agus an fo-thacar a léiriú.

 

Déanann an páiste rudaí agus tacair a chur le chéile agus déanann sé iad a roinnt. Déanann an páiste cur síos orthu i dtaca le téarmaí ar nós, níos mó, níos lú, ar chóimhéid.

Baineann an páiste leas as teanga chuí chun cur síos a dhéanamh ar chodanna de rud iomlán- m.s.leath, ceathrú.

 

 Baineann an páiste leas as ábhar nithiúil, pictiúir nó siombail chun an gaol idir na codanna a thaifeadadh.

Míníonn an páiste an tuiscint atá aige/aicí ar chodáin aonaid, agus é/í ag baint leas as ábhar nithiúil, pictiúir. agus stór focail matamaiticiúil cuí.

 

 

 

 

 

 

Réasúnú Aithníonn an páiste pátrúin a thagann chun solais nuair a roinntear tacair i bhfothacair nó nuair a chuirtear dhá fho-thacar le chéile.

 

Déanann sé fiosrúchán idir rud iomlán a roinnt agus tacar de rudaí scoite a roinnt.

Roinneann an páiste rudaí agus cruthanna i leatha agus i gceathrúna agus déanann sé/sí cur síos ar an rud iomlán agus ar na codanna, bunaithe ar líon na gcomhranna.

 

Tuigeann an páiste nach gá go mbíonn an chruth céanna ar comhranna chomhionann de rudaí chomhionann.

Léiríonn an páiste tuiscint go mbíonn méid na gcomhranna ag éirí níos lú, de réir mar a ardaíonn líon na gcomhranna ar rud iomlán.

 

 

 

 

 

Aithníonn an páiste go bhfuil an luch céanna ag comhranna chomhionann de huimhreacha comhionann agus nach bhfuil aon chomparáid a dhéantar fíor ach amháin nuair a thagraítear don aonad/slánuimhir céanna.

 

 

Cur i bhFeidhm agus Réiteach Fadhbanna Déanann an páiste fiosrúchán ar an iomaí bealaí ina bhféadtar tacair a roinnt i bhfothacair.

Déanann an páiste fiosrúchán ar an gcaoi a gcumtar tacair a bhfuil idir 2-5 ann trína gcur le chéile agus trína roinnt.

Roinneann an páiste rud iomlán ina chodanna beaga agus míníonn sé go bhfuil na ‘chomhchodanna’ ar chóimhéid.

 

Roinneann an páiste grúpaí de rudaí isteach i ngrúpaí níos lú atá ar chóimhéid.

 

Déanann an páiste fiosrúchán ar leatha agus ar cheathrúna cruthanna éagsúla.

Déanann an páiste fiosrúchán ar réimse fadhbanna laethúil a bhfuil baint acu leis an roinnt agus réitíonn sé/sí dóibh.

 

 

 

Cothaíonn an páiste feasacht ar úsáid laethúil codán, m.sh. oidis, spórt.

 

 

 

 

Gníomhaíocht

Príomhcheisteanna

Réamheolas

Ag baint leas as an leabhar mar spreagadh, cuirfidh an múinteoir roinnt ceisteanna ar na páistí. Léifidh an múinteoir an leabhar do na páistí.

Príomhcheisteanna

  • Cé atá anseo a dtaitníonn brioscaí leo?
  • Cén t-ábhar a bheidh ag an scéal, meas sibh?
  • An raibh oraibh riamh milseáin a roinnt le bhur ndeartháireacha/ndeirfiuracha?
  • Cén chaoi ar roinn sibh na milseáin chun cinntiú go bhfuair gach duine an méid céanna?
Príomhghníomhaíocht

I ngrúpaí de triúr, iarrtar ar na páistí fiosrúchán a dhéanamh, in éineacht leis na daoine eile sa grúpa, chun fháil amach cé mhéad brioscaí a gheobhaidh gach duine dá mba rud é go raibh beirt ag an mbord, triúr ag an mbord, ceathrar ag an mbord srl. Ba chóir dhá gearrthóg brioscaí dhéag agus roinnt plátaí páipéar a thabhairt do na páistí chun cabhrú lena bhfiosrúchán. Is féidir leathanach taifeadta a thabhairt dóibh chun cabhrú leo struchtúr a chur lena gcuid obair.

Príomhcheisteanna

  • Cén chaoi ar roinn sibh na brioscaí?
  • Ar thug sibh aon faoi deara faoi na torthaí?
  • Cad a dhéanfadh sibh leis na brioscaí atá fágtha?
Ag Déanamh Achoimre

Teacht ar chonclúidí le chéile.

Tabharfaidh an múinteoir an rang le chéile agus pléifidh sé/sí príomhphointí foghlamtha an ceachta.

Ba cheart go dtabharfadh an múinteoir spreagadh do na páistí a dtuairimí a chur in iúl agus a smaointí a roinnt leis an gcuid eile den rang.

Éascaigh plé na bpáistí agus tabhair spreagadh dóibh ceisteanna a chuir.

Príomhcheisteanna

  • Ar tháinig éinne ar bhealach éasca chun na brioscaí a roinnt?
  • Ar thug sibh aon faoi deara faoi na torthaí?
  • Cad a dhéanfadh sibh leis na brioscaí atá fágtha?
Measúnú
  • An féidir leis na páistí na brioscaí a roinnt i gceart nuair atá, 2,3, 4 5… srl daoine ag an gcóisir?
  • An féidir leo ráitis ginearálta a dhéanamh faoin ngaol atá idir líon na ndaoine agus an méid brioscaí atá fágtha?