Dúshlán Rube Goldberg

Arna fhorbairt ag Aaron Carroll

RANG

Rang a sé ach is féidir an gníomhaíocht seo a chur in oiriúint do roinnt ranganna.

SNÁITHE

Uimhir

LIPÉAD TORAIDH FOGHLAMA

Tomhais, Cruth agus Achar

Cuspóir na n-imeachtaí seo

Ceaptar go mbeadh na gníomhaíochtaí ar bun thar roinnt ranganna ionas go bhféadtar na smaointí matamaiticiúla agus eolaíochta cuí a fhiosrú go mion.

Déanfaidh na páistí:

  • Foghlaim cad is meaisín Rube Goldberg nó meaisín imoibriú slabhrúil.
  • Meaisíní Rube Goldberg a scrúdú agus tuartha a dhéanamh faoi céard a tharlóidh agus cén fáth.
  • Meaisíní Rube Goldberg a dhearadh le hábhair sa seomra ranga (dúradáin, carranna bréige srl.)
  • Meaisíní Rube Goldberg níos casta a dhearadh agus a mheas de réir sonraíochtaí matamaiticiúla (nó eile) a thugtar dóibh.

Matamaitic

  • Bíonn an chomparáid i gceist le tomhas. Sa tomhas, déantar comparáid idir fad ruda le fad ruda eile- is féidir leis seo a bheith ina aonad neamhchaighdeánach (cipín líreacáin) nó ina aonad caighdeánach (ceintiméadar nó meadar). Dá lú an t-aonad, is ea is beachta an tomhas.
  • Le huirlisí caighdeánacha, ar nós rialóra agus uillinthomhais, is féidir linn tomhais a léamh de réir scála. Chun tomhais a léamh de réir scála, caithfear a thuiscint cad is brí leis na marcanna éagsúla atá ar an scála.
  • Is éard atá i gceist le huillinn ná tomhas casaidh nó rothlú. Cosúil le gach saghas eile tomhas, tá sé luachmhar eolas a bheith agat ar thagarmharcanna, agus an chaoi lena n-úsáid, nuair atáthar ag tomhais uillinneacha. Tá codanna de chasadh ar nós leathchasadh (180𝆩) agus ceathrúchasadh (45𝆩) ina dtagarmharcanna úsáideacha.

Eolaíocht

  • Agus iad i mbun an tionscnaimh seo, beidh na páistí ag obair le chéile ar Bhealach Eolaíoch agus forbróidh siad scileanna ar nós breathnú a dhéanamh, tuar a dhéanamh, fiosrúchán agus triall a dhéanamh, meastachán agus tomhas a dhéanamh, anailís agus taifead a dhéanamh, mar aon le scileanna cumarsáide.
  • Tá na scileanna eolaíochta atá mar chuid den snáithe Dearadh agus Déanamh -fiosrúchán a dhéanamh, pleanáil a dhéanamh agus measúnú a dhéanamh- ina gcuspóirí tábhachtacha sa churaclam, cuspóirí lena mbaineann an tionscnamh seo.
  • Sa cheacht seo, déantar fiosrúchán ar na Snáithí Eolaíochta Fuinneamh agus Fórsaí mar aon leis an snáithe Ábhair.
    Beidh na páistí in ann tuiscint a fháil ar an gcaoi is féidir rudaí agus ábhair a bhogadh agus fiosrúchán a dhéanamh air seo. Déanfaidh siad fiosrúchán ar an éifeacht atá ag frithchuimilt ar ghluaiseacht agus cén chaoi ar féidir é a úsáid chun moill nó stop a chur ar rudaí atá ag gluaiseacht. Leis an tionscnamh seo, tuigfidh na páistí gur fórsa é an domhantarraingt agus tuigfidh siad go bhfuil meáchan ag rudaí mar gheall ar tharraingt na domhantarraingthe.

Matamaitic:

  • Cur i bhFeidhm agus Réiteach Fadhbanna
  • Cumarsáid agus Léiriú
  • Imeascadh agus Nascadh
  • Réasúnú
  • Cuir i bhFeidhm
  • Tuiscint agus Cuimhneamh

Eolaíocht:

  • Ceistiú
  • Breathnú
  • Tuar
  • Fiosrú agus Triail
  • Measúnú agus Tomhais
  • Anailís — (Sórtáil agus Rangú, Aithint Pátrúin, Ag Baint Ciall As)
  • Taifead agus Cumarsáid

ETIEM:

  • Réiteach Fadhbanna
  • Réasúnú
  • Smaoineamh Chriticiúil
  • Fiosrú faoi Threoir Daltaí
  • Comhobair

Cuir i láthair ar fáil anseo, más mian leis an múinteoir é a úsáid.

1 mhirlín
1 chupán páipéir
líon nach mó ná 40 dúradán
2 shorcóir (e.g. – canna pónairí folamh)
1 bhosca cairtchláir mór
6 leathan A4 de chárta
1 rolla de théip chumhdaigh
2 charr bhréige
2 thábla seomra ranga
1 rolla sreangáin
1 nuachtán
méid nach mó ná 150g de mharla
casúr
1 mhéadar de scragall stáin
6 thairne
1 bhloc adhmaid
2 mhaighnéad
liathróid ghailf
2 spúnóg

Réamheolas

Príomhcheisteanna

Réamhrá

Cuir Rube Goldberg in aithne do na páistí leis an gcur i láthair. Taispeáin agus déan plé ar roinnt de na grianghraif agus na físeáin a léiríonn meaisíní Rube Goldberg.

Físeán ar ‘An tIompróir Leathanaigh’

Cuir físeán ‘OK ar aghaidh leat’ isteach

Príomhcheisteanna

  • Cad a thugann tú faoi deara anseo?
  • Cad a tharlóidh, meas tú?
  • Cén fáth?
Ag scrúdú roinnt meaisíní go mion

Taispeáin na híomhánna de na meaisíní Rube Goldberg. Cuir na páistí á bplé i mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga agus ansin, roinn smaointí leis an rang uile.

Príomhcheisteanna

  • Cad a tharlóidh, meas tú?
  • Cén fáth?
  • Cad a tharlódh dá…? Céard a tharlóidh ina dhiaidh seo?
  • Dá bhféadfá rud amháin a athrú, céard a d’athrófá?
Ag tógáil do mheaisín féin

Cuir réimse ábhar ar fáil agus tabhair dúshlán do na páistí a meaisín Rube Goldberg féin a dhearadh i ngrúpaí beaga.

Príomhcheisteanna

  • Cén fáth ar bheartaigh tú na hábhair seo a úsáid?
  • Céard atá i gceist agat a dhéanamh?
  • Cén chaoi a raibh an fhios agat céard é an áit ab fhearr leis an … a chur?
  • Cén chaoi a gcuirfeá feabhas air seo, meas tú?
Dúshlán

Cuir srianta ar leith ar an gcaoi ar chóir na meaisíní Rube Goldberg a thógáil.

  • Ní mór go gcríochnaíonn bealach an mheaisín le mirlín ag titim isteach i gcupán páipéir. (Nóta:Ní gá go mbeidh an mirlín i gcuid ar bith eile de bhealach an mheaisín)
  • Ní mór don bhealach a bheith 1 mhéadar ar fad ar a laghad.
  • Ní mór do casadh amháin thar 45 chéim a bheith mar chuid den bhealach.

Príomhcheisteanna

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios agat go ndéanann sé seo tomhas ar…?
  • An féidir leat meastachán a dhéanamh cé chomh fhada is atá sé/cé mhéid ama bheidh ag teastáil/cé chomh mór is atá an uillinn?
  • Cén chaoi a bhféadfadh muid tomhas a dhéanamh ar…?
  • Cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith níos cruinne?
Roinn d’obair

Cuir na daltaí ag bogadh timpeall an tseomra ranga, chun breathnú ag gach meaisín ag obair, amhail is gur ag siúl trí dhánlann atá siad. Iarr ar ghrúpaí míniúchán a thabhairt ar an rud a bhí i gceist acu a dhéanamh agus fáthanna a chur leis na cinntí a rinne siad. Iarr ar na páistí atá ag breathnú a gcuid smaointí ar gach meaisín a roinnt mar aon le haon mholtaí atá acu chun feabhas a chur orthu.

Más féidir, ghlac físeán de na meaisíní ag obair agus cuir ar YouTube é, tríd na treoracha atá anseo a leanúint. Cuir tvúit leis an nasc YouTube ar chuntas Twitter do scoile agus déan clibeáil ar @maths4all

Cuir fís-shampla d’obair na bpáistí isteach.